Fáilte/Welcome
Cé go bhfuil an Bord um Shásamh ar oscailt i gcónaí, is mian leis an mBord a shoiléiriú nach bhfuil baint aige leis an Scéim Íocaíochtaí i leith Árais Máithreacha agus Naíonán arna bunú anois ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus a d’oscail d’iarratais ar an 26 Feabhra 2024.
Ba cheart gach fiosrú maidir leis an scéim sin a chur chuig Oifig Scéim na nÍocaiochtaí, lena mbaineann na sonraí teagmhála seo a leanas:
- Fón: +353 1 522 9992, Luan go hAoine 09:00-18:00 GMT.
- Ríomhphost: info@paymentscheme.ie
- Sa Phost: PO Box 13668, Port Láirge, Éire
Bunaíodh an Bord um Shásamh faoin Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002 chun dámhachtainí córa agus cothroma a dhéanamh le daoine ar tugadh drochúsáid dóibh, mar leanaí, le linn dóibh bheith ina gcónaí i scoileanna saothair, i scoileanna ceartúcháin agus i bhforais eile a bhí faoi réir rialú stáit nó cigireacht stáit.
Tá an Bord, atá neamhspleách ar fad, faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Onóraigh Esmond Smyth.
Is fiú a lua nach bhfuil de chumhacht ag an mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe glacadh le hiarratais nua ar na cúiseanna seo a leanas:
I gcomhréir le forálacha Alt 8(1) den Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002, ba é an 15 Nollaig 2005 an spriocdháta chun na hiarratais uile a fháil.
I gcomhréir le forálacha an Achta um Shásamh i leith Foras Conaithe (Leasú), 2011, chuaigh cumhacht an Bhoird glacadh le hiarratais dhéanacha faoi Ailt 8(2) agus 8(3) den Acht um Shásamh 2002, in éag ag meánoíche an 16 Meán Fómhair 2011.
Tugtar léargas ginearálta ar an suíomh Gréasáin seo ar an mbealach inar phléigh an Bord le hiarratais ar shásamh. Breithníodh na hiarratais uile i gcomhréir le forálacha an Achta um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002 agus leis na Rialacháin a rinneadh faoin Acht. Le haghaidh tuilleadh eolais, íoslódáil le do thoil A Guide to the Residential Institutions Redress Act, 2002.
Mar gheall ar Alt 8(4) den Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002, arna leasú, ní raibh ar chumas an Bhoird um Shásamh glacadh le haon iarratais a rinneadh ar an 17 Meán Fómhair 2011 nó ina dhiaidh sin.
Is mian leis an mBord um Shásamh a shoiléiriú nach bhfuil baint aige leis an scéim Ex-gratia – Cur chun feidhme an Bhreithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in O’Keefe -v- Éire, [Ex-gratia scheme – Implementation of the ECtHR Judgement in O’Keeffe -v- Ireland], a bhaineann le drochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna lae i ndálaí áirithe.
Ba cheart gach fiosrú faoin scéim sin a sheoladh chucu seo a leanas:–
An Roinn Oideachais,
Fón – (090) 6483625
Ríomhphost – exgratia_queries@education.gov.ie